Meall an Óige
Is ardán foghlama é Meall an Óige do pháistí réamhschoile agus do pháistí bunscoile. Buaileann muid leis na carachtair dhúchasacha as oileán Árann. Cuireann muid aithne orthu trí amhráin, scéalta agus cluichí idirghníomhacha. Tugtar na páistí isteach ar bhunús litearthachta na Gaeilge le húsáid na nguthanna dúchasacha daonna agus sintéiseacha, agus na bhfuaimeanna fónaice.
Dearadh an t-ardán don chlár bán agus don ríomhaire ar scoil nó don taibléad sa bhaile. Is féidir le tuismithitheoirí cabhrú lena bpáistí sa bhaile – fiú tuismitheoir ar bheagán Gaeilge. Tá 5 chéim sa leagan faoi láthair. Tá sé beartaithe go mbeidh tuilleadh céimeanna ar fáil de réir a chéile. Seolfar leagan tástála go dtí na bunscoileanna i mbliana.
Cuntas ar chóras fuaimeanna na Gaeilge
Braitheann sealbhú na litearthachta ar shoiléireacht agus ar rialtacht fuaimeanna na mapála litreach. Tá mapáil na Gaeilge doiléir ach rialta. Chun an corás scríofa a thuiscint, ní mór tuiscint a bheith agat ar fhuaimeanna agus ar an mbealach a dhéantar idirdhealú ar na consain.
An córas foghraíochta
Tá córas foghraíochta na Gaeilge saibhir. Toisc go ndéantar idirdhealú idir consain chaola agus consain leathana.
Mar shampla, tá consan caol ag tús an fhocail ‘leon’ agus tá consan leathan ag tús an fhocail ‘lón’. Tá difríocht shuntasach idir córas foghraíochta na Gaeilge agus an Bhéarla.
An córas scríofa
Is mór an difríocht atá idir na córais scríofa freisin.
Ní chuireann an aibitír Románach an dealú idir na consain chaol agus leathan i láthair. Cuirtear an difríocht in iúl go hindíreach de bharr úsáid an ghuta a thagann roimh nó i ndiaidh an chonsain.
Struchtúr an ardáin
Tá 5 chéim ann sa leagan seo. Tá sé beartaithe go gcuirfear tuilleadh céimeanna ar fáil de réir a chéile. Seolfar leagan tástála go dtí na bunscoileanna i mbliana.
Céim 1: Fuaimeanna
Cuirtear an-bhéim ar phéirí íosdifríochta chun idirdhealú na gconsan caol agus na gconsan leathan a chur in iúl. Mar shampla, leon agus lón. Is féidir idirdhealú a dhéanamh orthu de bharr gné fuaime amháin - an L caol nó an L leathan ag tús an fhocail.
Úsáidtear pictiúir, scéalta agus tráth na gceist chun idirdhealú na gconsan a chur chun cinn. Cuirtear an modh céanna i bhfeidhm chun idirdhealú na ngutaí fada agus na ngutaí gairide, caol agus leathan araon, a chur chun cinn.







Céim 2: Ó fhuaim go litir
Faoin am atá tuiscint ag na páistí ar idirdhealú na gconsan caol agus leathan, cuirtear an litir a théann leis an ghuta faoi leith san áireamh. Ag an bpointe seo, déantar nasc idir na pictiúir agus litreacha oiriúineacha. Tá dath flannbhuí ar na litreacha caola (leon, deo, Ciara, srl) agus tá dath gorm ar na litreacha leathana (lón, dó, caora, srl). Cuirtear an córas céanna i bhfeidhm ar na gutaí freisin.
Ina theannta sin, baintear úsáid as sraith cluichí idirghníomhacha chun an nasc ó fhuaim go litir a chothú.
Céim 3: Foclóir
Úsáidtear sraith pictiúr le haschur labhartha chun folcóir an pháiste a fhorbairt ar bhealach idirghníomhach. Iarrtar ar an dalta réad ar leith a aimsiú sa phictiúr agus a méar a chur air.
Cuitear an t-alt roimh an bhfocal chun inscne an fhocail a léiriú; chun eolas gramadaí, go háirithe ar an séimhiú, a aibhsiú ón tús.




Céim 4: Leabhair
Léitear gach leabhar as an leabharlann fhíorúil os ard ag guth sintéiseach - roghnaigh an chanúint agus an luas ar thoil an úsáideora. Aibhsítear an abairt agus an guth sintéiseach á léamh os ard.
D’fhéadfaí méar a chur ar fhocal agus éisteacht le foghraíocht an fhocail.
Céim 5: Scríbhneoireacht
Baintear úsáid as cluichí chun cleachtadh a dhéanamh ar bhunrialacha fónaice agus chun an bealach a fheidhmíonn consain agus gutaí ar leith lena chéile a léiriú. Déanann na páistí seo le cumadh ainmneacha ollphéisteanna nó peataí.







